Saturday 21 July 2012

Dán faoin nGaeilge ó Loch Garman san 18ú hAois


Tá taithí againn ar dhaoine ó thús na hatbheochana go dtí an lá atá inniu ann ag moladh na Gaeilge. Ach ceard faoin am roimhe sin? Ní raibh mórán machnaimh déanta agam ar an gceist, ach is dócha go raibh tuairim éigin agam go raibh meath tagtha ar an teanga gan mórán ráite faoi. B'fhéidir go raibh mé faoi thionchar na bolscaireachta go ndearna muintir na hÉireann cinneadh 'stuama' chun droim láimhe a thabhairt don teanga.

Ní amhlaidh a bhí, bhí daoine in Éirinn a bhí brodúil as an nGaeilge.

Seo thíos dán faoin nGaeilge a scríobh fear ó Loch Garman darbh ainm Pilib Mac Giobúin (1718-c1790). Ba as Cill Haighil i gceantar Dhún Bróithe (thuas) in iardheisceart an contae don scríbhneoir agus file seo agus chaith sé chuid mhaith dá shaol ag múineadh i gCathair Chill Chainnigh.

Tháinig mé ar an eolas faoin dán i Leabhrann Laighnigh. Scríobh Daithí Ó hÓgáin, nach maireann, an leabhair iontach seo agus is sárshaothar amach is amach é. Molaim d’éinne le spéis i nGaeilge agus oidhreacht Ghaelach Chúige Laighean é a cheannach. Beidh mé ag déanamh postaí eile faoi mhíreanna eile sa leabhar amach anseo.


Dánmholadh na Gaeilge

Le Pibib Ó Giobúin

‘Sí an teanga Ghaeilge is greanta cló,
go blasta léitear í mar cheol,
‘Sí a chanadh bréithre binn-ghuth beoil,
‘S is fíor gur mór a háitreabh.
Níl teanga ar domhan dá bhreáthacht í,
Le blas is fonn nár sháraigh sí,
Is go ceart a labhraid dáimhe linn
Na dánta is ceol do fháil ina cóir
Is seanchas na rí-fhlaith mór
Is saoithe cróga chlár Loirc.

Dá mbeadh ríthe Éireann fós ina suí
San ríocht i gcéim is i gcoróin ba bhinn,
Siollaí na Gaeilge leo
Ar chaoinchruit cheoil is táibhleis,
Beidh filí léinn go sásta sóch
Ag déanamh saothair dánta dhóibh –
Gach éigeas díobh san áras mór
Ag moladh an rí is a shár-mhaithghníomh,
Is a shinsir uaisle tréana groí
‘S i gcríocha Fódhla a n-ársacht.

Do bheadh saol órga ag Éirinn arís
Le saibhreas comhachta, réim is brí,
Lucht léinn faoi mhór-chaithréim san ríocht
Is tréanlucht díbirt námhad,
D’éireodh an Ghaeilge i gcéimibh ard’,
I gcló is i gcéill thar Bhéarla cháich –
Is startha Gael dá lé’ do ghnáth,
Is seanchaíocht is teagasc Críost,
Is diagairí Dé go séimh de shíor
Ag léir-mhíniú dlí neámhda.

4 comments:

  1. Beodh orm an leabhar úd d'fháil.

    Bhí an Ghaeilge á moladh le fada roimhe sin agus ina dhiaidh - mar shampla ann rann seo ó Céitinn.

    Milis an teanga an Ghaedhealg,
    Guth gan chabhair choigcricíche,
    Glór, géar-chaoin, glé, glinn, gasta
    suairc, séimhidhe, sult-bhlasta.
    Gide Eabhra teanga is seanda,
    gide laidean is léigheanta,
    uatha uirthi níor frith linn
    fuaim nó focal de chomhainn.

    ReplyDelete
  2. Fad is eol dom tá scéal sna hannála gur cuireadh an Ghaeilge le chéile ag baint úsáid as na píosaí is fearr de na teangacha a chruthaíodh ag Túb Bháibil. Bheadh sé spéisiúil na moltaí seo ar fad a chur le chéile - stair na ndiagrasóirí Gaeilge más maith leat!

    ReplyDelete
  3. An-spéisiúil go deo, go háirithe mar is as an ceantar sin mé féin!

    Tá an mhainistir sin an-ghar don sráidbhaile 'Ceann Poill' atá mar 'Campile' sa Bhéarla inniu. Úsáidtear foghraíocht ainm an tsráidbhaile sin mar fhianaise go raibh canúint na Mumhan á labhairt fadó i Loch Garman agus 'i' na Rinne le cloisteáil ann mar a deirtear i bhfocail ar nós "im", "binse", "tinn" agus mar sin de. Agus tuige nach mbeadh? Nílimid chomh fada sin (ar an bhfarraige) ó Ghaeltacht na Rinne.

    ReplyDelete
  4. John, grma, tá Nicholas Williams den tuairim go raibh Gaeilge Loch Garman cosúil le Gaeilge Chonnacht (féach 'Stair na Gaeilge') agus tháinig mé ar thagairtí don teoric céanna in áiteanna eile. (Seans maith go raibh tionchar ó na Déise ann chomh maith dar ndoígh). Níl siad curtha le chéile agam ach déanfaidh mé iarracht post a dhéanamh faoi CLAIF.

    ReplyDelete