Thursday 22 September 2011

An bua is sultmhaire riamh



Tá sé ceithre lá ó bhuaigh Baile Átha Cliath Corn Sam Maguire agus tá an meangadh gáire fós ar m'aghaidh. Go deimhin féin ní fhaca mé an méid sin daoine le meangadh gáire ar a n-aghaidheanna is a chonaic Dé Domhnaigh seo caite.

Bhí oíche go maidin ann dar ndóigh agus seisiún mór eile Dé Luain sa chumann peile áitiúil i gCluain Dolcáin agus ag an ócáid don fhoireann i lár na cathrach. Tógfaidh sé píosa dom míniú cén fáth go bhfuil muintir Bhaile Átha Cliath ag baint an méid seo sonais as an mbua.

An chéad cheann ná nár bhuaigh muid Craobh Uile-Éireann le 16 bliain. Fiú in 1995 agus an uair roimhe sin in 1983 bhí na buanna a fuair muid an-chonspóideach.

In 1983 cuireadh triúr imreoir de chuid Bhaile Átha Cliath den pháirc, Brian Mullins as buile a thabhairt d'imreoir Gailleamhach lena uilleann agus Ciaran Duff as cic sa cheann a thabhairt do dhuine eile. An 12 Aspal nó the Dirty Dozen a ghlaodh orthu ina dhiaidh, agus d'fhan an leas ainm na 'Dirty Dubs' leis an gcontae ar feadh na mblianta.

Sa chluiche ceannais in 1995 d'fhan Charlie Redmond ar an bpáirc ar feadh cúpla nóiméad tar éis gur chuir an réiteoir é den pháirc agus bhí raic ann faoin gcic amach a bhronnadh in aghaidh réalta Thír Eoghain, Peter Canavan, ag deireadh an chluiche. Droch-chluiche amach is amach a bhí ann.

Cé gur éirigh leo an corn a bhaint in 1995, ba cheart don fhoireann sin ar an laghad dhá chraobh eile a bhuachan, ach theip orthu ar an lá mór. Bhí an-deis acu sa cheithre chluiche a bhí acu in éadan na Mí in 1991 ach theip orthu an bua a chinntiú gach uair.

Idir an dá linn bhí idir mhí-ádh agus néirbhísí ag cur isteach ar an bhfoireann sa chraobh. Breathnaigh ar an taifead sa nasc seo le cur síos cuimsitheach a fháil ar an méid atá á rá agam.

Le deich mbliana anuas bhí an comhscór i nDurlas Éile in 2001, tar éis dúinn teacht ar ais ó bheith deich gcúilín taobh thiar de Chiarraí, an liathróid a bhuail in aghaidh an phosta in éadan Ard Mhacha in 2002, an géilleadh a rinne muid don fhoireann chéanna in 2003, an farasbar ocht gcúilín a chaill muid in aghaidh Mhaigh Eo in 2006, na cailliúntí náireacha in éadan Tír Eoghain agus Ciarraí in 2008 agus 2009 faoi seach agus an chailliúnt aon phointe in éadan Chorcaí anuraidh.

Ceann de na rudaí is fearr faoin mbua i mbliana ná go ndearna muid é in éadan Ciarraí. Bhí an ceann is fearr faighte ag an Ríocht ar Bhaile Átha Cliath ocht n-uaire ó 1977.

Rinne siad sléacht ar Bhaile Átha Cliath in 1978 agus 79, agus ceap magaidh de Paddy Cullen in 1978.

B'iad an fhoireann is fearr in 1984 agus 1985 ach bhí mí-ádh orainn in 2001. B'iad an fhoireann is fearr in 2004 agus 2007, cé go ndearna Baile Átha Cliath traen iarrachta in 2007.

Tharla an chailliúnt is measa dhá bhliain ó shin. Tar éis do Thír Eoghain ár a dhéanamh orainn in 2008 bhí an fhoireann ar ais ar a shean léim arís agus iad mar rogha na coitiantachta in aghaidh Chiarraí, a d'imir go dona sa chraobh go dtí sin. Ghéill Baile Átha Cliath sa chluiche áfach, agus bhí 17 cúilín le spáráil ag an Ríocht ag an deireadh.

Bhí Pat Gilroy i gceannas don chluiche sin, agus níor tháinig aon leigheas ar chúrsaí ag tús na craoibhe in 2010. Ba iad na cluichí in aghaidh Loch Garman, na Mí agus Tiobraid Árainn na taispéantais is measa a chonaic mé riamh.

Bhí an méid sin lagmhisneach orm go raibh drogall orm dul chuig an gcéad chluiche eile in aghaidh Ard Mhacha - ceann de na fáthanna go ndeachaigh mé ná go raibh iománaithe Bhaile Átha Cliath ag imirt roimh na peileadóirí, agus bhí mé ag ceapadh go mbeadh bua san iomáint le ceiliúradh againn ar a laghad agus nach cur amú iomlán a bheadh sa lá.

Ansin chaill na hiomáinithe in aghaidh Aontroma sa nóiméad deireanach!

Anois táim chun dearmad a dhéanamh faoin gcrá croí sin ar fad! Dé Domhnaigh seo caite rinne Baile Átha Cliath rudaí nach raibh déanta acu le blianta blianta fada. Fuair siad an ceann is fearr ar Chiarraí, bhuaigh siad cluiche a bhí ag sleamhnú uathu, agus léirigh siad crógacht agus stuaim dochreidte.

Tráth dá raibh bhreathnaigh mé ar sean-fhíséain ón gcluiche cáiliúil idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí in 1977, ach tá a chomharba againn anois. Tá an naoi nóiméid draíochta de Chluiche Ceannais 2011 feicthe agam iliomad uair ar an RTÉ Player ón Luan seo caite ar aghaidh, agus táim ag ceapadh go mbreathnóidh mé air anois agus arís amach anseo.

Mar aon le sin bhreathnaigh mé ar na físéain den nóiméad deireanach ar Youtube, tá roinnt acu le feicéail thíos. Do na contaetha nár éirigh leo ar an lá mór ar nós Mhaigh Eo agus Chill Dara - bainigí ionspioráid astú, do lucht Bhaile Átha Cliath - bainigí sult astú!











2 comments:

  1. Go raibh maith agat as na físeáin!

    ReplyDelete
  2. Fáilte romhat, an bua a chualathas timpeall na cruinne mar a deirtear i SAM!

    ReplyDelete