Friday 17 June 2011

Noonan Vs an ECB


Bhí mé ag scríobh Dé Céadaoin faoin gcinnearacht lag atá in Éirinn faoi láthair.

Níos déanaí an lá sin d'fhógair an tAire Airgeadais Michael Noonan go raibh sé ag iarraidh sealbhóirí bannaí sinsearacha neamhurraithe* Anglo Irish Bank a 'dhó', rud a shabháladh €3.5 billiún orainn (b'fhéidir gur léigh sé mo phíosa, GOA*).

Tá tacaíocht faighte aige don mholadh seo ón IMF, an cheist anois ná an nglacfaidh an ECB leis. De réir tuairiscí ní bheidh an ECB sásta an polasaí atá acu ó thaobh na sealbhóirí bannaí sinsearacha ó thús na gearchéime a athrú.

Má dhiúltaíonn siad do mholadh Noonan (thuas, le hUachtarán an ECB, Jean Claude Trichet) an mbeidh rialtas na hÉireann sásta na sealbhóirí bannaí a dhó ar aon nós, nó an ngéillfidh siad arís?

Mura bhfuil siad sásta déanfar damáiste do cháil an rialtais, agus cuirfear an cheist cén fáth gur thosaigh Noonan ag bagairt ar shealbhóirí Anglo Irish mura raibh sé sásta beart a dhéanamh de réir briathar agus an rogha 'núicléach' a ghlacadh.

Gluais
*Unsecured senior bondholders.
*Gáire ós ard.

http://twitter.com/colmobroin

No comments:

Post a Comment