Wednesday 22 June 2011

Forbairt Ghaeltachta do Bhaile Munna


Bhí deá-scéal i nGaelscéal an tseachtain seo caite go bhfuil tithí do phobal Gaeilge nua ar tí tógáil i mBaile Munna.

Tá Comharchumann Tithíochta an tSeachtar Laoch ag beartú 38 teach a thógáil mar chuid den fhorbairt seo. Tá 34 duine ar an liosta do na tithí, agus táthar ag lorg ceathrar eile sula gcastar an fód ar an togra Gaeltachta seo, atá faoi stiúr ag Glór na nGael Bhaile Munna.

Tá tacaíocht faighte ag na ceannródaithe taobh ón Roinn Comhshaoil agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus táthar ag súil go mbeidh na tithí réidh go luath i 2012.

Is féidir éisteacht le hagallamh le duine de hurlbhraithe an togra, Dónal Breathnach, ag an nasc seo.

Is Gaeilgeoirí iad 90% dóibh siúd a bheas ag bogadh isteach sna tithí, ach cúis imní amháin áfach ná go bhfuil an plé faoin bpobal Gaeilge ar leathanach Facebook Comharchumann Titíochta an tSeachtar Laoch ar fad i mBéarla.

Tá an-ghaisce déanta ag muintir Bhaile Munna ó thaobh na Gaeilge de le dhá bhunscoil agus meánscoil lán-Ghaeilge tógtha sa cheantar.

Má fhásann pobal Gaeilge macasamhail Gaeltacht Bhóthar Seoige i mBéal Feirste ón togra seo níl aon dabht ach gur céim ollmhór chun cinn a bheas ann don teanga i mBaile Átha Cliath.

An rud a rinne Gaeltacht Bhóthar Seoige ná gur thóg sé dúshraith fíor-láidir faoi phobal na Gaeilge i mBéal Feirste.

Thug sé misneach do lucht na Gaeilge sa chathair agus sa chuid eile den tír.

Go n-éirí go geal le muintir Bhaile Munna, agus níl aon chúis nach bhféadfaí tograí dá leithéid a bhunú in áit nó dhó eile i mBaile Átha Cliath amach anseo.

http://twitter.com/colmobroin

7 comments:

  1. D'fhoghlaim mé focal nua ón alt ar an nuachtán : díbheo.

    go háirithe agus an Ghaeltacht stairiúil díbheo faoi láthair.

    Is maith an focal é, focal deas gonta. Tá aidiacht ghairid a thuigeannn cách ann: beo. Cuireadh réimír dhiúltach, atá níos gairide fós, roimpi: dí-. Et voilà, un-alive. Nó moribund más fearr leat.

    ReplyDelete
  2. Thug mé faoi deara nach bhfuil mé ar do Bhlog List, a Choilm, agus bhris an gol orm. *wah wah wah*

    ReplyDelete
  3. Nuair a théim go dtí do bhlag ní fheicim rogha ar barr do 'Follow' níl ann ach 'Share'. Táim rúinín beag 'glas' ó thaobh na blagadóireachta an bhfuil bealach eile chun é a dhéanamh?

    ReplyDelete
  4. Tá blag agam anseo le cúpla bliain, ach ní thuigim an “innealtóireacht” ró-mhaith ach oiread. Níor bhac mé riamh le Follow, ar mo bhlag féin nó ar bhlaganna eile. Séard a dhéanaimse ná cliceáil ar Design (idir New Post agus Sign Out ag barr an leathanaigh). Taispeánann sé sin leathanach nua dom a bhfuil leagan amach an tsuímh air, i mboscaí. Tá bosca agam a bhfuil “Cuid de na blaganna a léim” mar theideal air. Nuair a chliceálaim ar “edit” sa bhosca sin faighim fuinneog pop-up leis and teideal Confgure Blog List. Roghnaigh mé “Title of most recent item” agus “Date of last update” san fhuinneog sin. (Bíonn a fhios agam mar sin i gcónaí céard atá nua ar na blaganna eile.) Tig liom ADD TO LIST nó REMOVE a dhéanamh san fhuinneog chéanna. Níl ag teastáil ansin ach URL an liosta atá le cur leis an liosta.

    Tá súil agam nach ndearna mé praiseach den mhíniú seo!

    ReplyDelete
  5. Go raibh maith agat a Cholm as ucht nasc a chur ar do bhlag do mo bhlag áitiúla do Bhaile Átha Cliath 15 SIN É- Ag tacú leis an nGaeilge i mBaile Átha Cliath 15. Tá blag eile agam- blag podchraoladh do mo chlár raidió ar NearFM ag: www.darrenjprior.com. Cuirfidh mé nasc do do bhlag ar iad anois agus beadh mé buíoch más féidir leat nasc a chur ar do bhlag do AN RÉALT-Podchraoltaí ó Near90FM freisin más féidir! GRMA!!!

    ReplyDelete
  6. Déanfaidh mé é sin cinnte, grma Darren.

    ReplyDelete