Friday 10 June 2011

Damhsa ar an teic-nós?


Cúpla bliain ó shin bhí fógra ar TG4 do chomórtas damhsa ar an sean nós de chuid an Oireachtais. Níor bhain siad úsáid as ceol traidisiúnta san fhógra áfach, ach ceol damhsa. I Like The Way You Move a bhí ann fad is cuimhin liom.

An rud spéisiúl faoi ná gur snaí an ceol agus an damhsa le chéile – sé sin, damhsa ar an sean nós le ceol damhsa.

Ní saineolaí ceoil nó damhsa mé ach chuir sé mé ag smaoineamh an bhféadfaí rud nua a chruthú anseo a bheadh dílis don chultúr ach go hiomlán nua-aoiseach ag an am céanna.

Níl a fhios agam an oibreodh sé ar chor ar bith, ach mholfainn d'éinne le spéis sa damhsa é a thrial - d'fhéadfaí 'damhsa ar an teic-nós' a ghlaoch air.

Bain trial as seo, seinnt an dá fhíséan seo thíos ach múch an fhuaim ar an dara cheann – sílimse go dtéann siad le chéile - céard a cheapann sibh?





http://twitter.com/colmobroin

No comments:

Post a Comment