Tuesday 28 June 2011

Bua maith do na Dubs


Bhí bua maith ag Baile Átha Cliath Dé Domhnaigh in éadan Chill Dara i gCraobh Laighean. Bhí go leor conspóide ag baint le deireadh an chluiche, ach fós féin bhí an bua tuillte ag na Dubs.

Seo an dara huair le trí bliana anuas go bhfuair Baile Átha Cliath an ceann is fearr ar Chill Dara agus 14 fear ar an ngort acu.

I gcluiche ceannais Laighean i 2009 cuireadh Ger Brennan den pháirc go luath sa chéad leath ach d'éirigh le Bleá Cliath an lámh in uachtar a fháil ar fhoireann Kieren McGeeney.

Rinne siad aithris ar an taispeántas sin Dé Domhnaigh tar éis gur cuireadh Eoghan O'Gara den pháirc don dara cárta buí.

Theip ar Chill Dara an deis a thapú tar éis an eachtra sin agus bhí BÁC ceithre chúilín chun cinn le dhá nóiméad fágtha agus an cosúlacht go raibh rás Chill Dara rite.

De bharr droch-chosaint ó Bhaile Átha Cliath scóráil Cill Dara 1-1 chun an scór a chothromú áfach.

Bhí mí-ádh ar Chill Dara faoin 'feall' a rinne Aindriú Mac Lochlainn ar Bernard Brogan ag an deireadh, ach is beag údár gearáin atá acu faoin gcluiche ina iomlána. Bhí fear breiseadh acu don chuid is mó den dara leath ach is beag tairbhe a bhain siad as de bharr nach bhfuil tosaithe láidre acu.

Déantar go leor gearáin faoin 'hype' a bhaineann le foireann Bhaile Átha Cliath, ach an fhírinne sa chás seo ná gur le Cill Dara a bhain an 'hype' le blianta beaga anuas. Tá siad ag déanamh dul chun cinn faoi McGeeney, agus bhí mí-ádh orthu in éadan an Dúin anuraidh, ach theip orthu ardú céime go Roinn 1 a bhaint amach sa tsraith i mbliana agus go dtí go bhfuil Craobh Laighean buaite acu ní féidir a rá go bhfuil siad i measc príomhfoirne na tíre.

Ó thaobh na Dubs Dé Domhnaigh bhí na cúlaithe an-mhaith ar fad, go háirithe an líne lán chúl, an líne is laige a bhí againn le blianta beaga anuas.

Tá go leor athraithe ar bun ag Pat Gilroy ar an bhfoireann agus nílim cinnte an rud maith é sin faoin tráth seo. Ní féidir le Eoghan O'Gara agus Diarmuid Connolly imirt le chéile, tá siad ró-chosúil mar imreoirí, seachas gur féidir le Connolly cúilíní a scóráil.

Bronnadh Laoch na hImeartha ar Alan Brogan ar an Sunday Game dá thaispeántas sa líne leath-thosach, ach measaim féin go bhfuil sé níos luachmhara sa líne lán-tosach in éineacht lena dheartháir Bernard.

Ní raibh cluiche iontach ag Connolly nó ag Michael Dara Macauley i lár na páirce, ach tá súil agam go mbíonn siad ar ais ar a sheanléim arís gan mhoill. Deá-sceál a bhí ann go raibh Eamon Fennell aclaí le himirt óir bíonn gá le fear mór i lár na páirce anois is arís chun seilbh a fháil ar an liathróid.

Is rogha na coitiantachta iad Baile Átha Cliath don chluiche ceannais in aghaidh Loch Garman ach táim ar nós cuma liom faoin toradh.

Bhuaigh BÁC cúig chraobh cúige as a chéile le déanaí ach i ndeireadh na dála cén mhaitheas a bhí leis? Níl ach craobh amháin á lorg ag lucht leanúna peile Bhaile Átha Cliath.

Malairt scéil atá ann ó thaobh iománaithe an chontae áfach agus iad ag ullmhú le haghaidh a thabhairt ar Chill Chainnigh Dé Domhnaigh seo chugainn.

Bheadh sé deacair shamhlú go bhfeadadh siad an ceann is fearr a fháil ar na Cait don tríú uair i mbliana, ach má éiríonn is éacht stairiúil den scoth a bheas ann.

Táim ag leanúint peileadóirí Bhaile Átha Cliath mo shaol ar fad, agus níor imir mé iománaíocht riamh, mar sin, ní bhíonn na mothúcháin chéanna ag baint le bua do na hiománaithe agus bua do na peileadóirí.

É sin ráite beidh mé i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh beag seo agus an ceann ina diaidh – is nach mór gairm lán-aimseartha é a bheith i do thacadóir de chuid Bhaile Átha Cliath na laethanta seo!

http://twitter.com/colmobroin

No comments:

Post a Comment