Monday 23 May 2011

Deireadh le ré uafáis an R&B?


Scríobh Úna Mullaly le déanaí gur droch rud é go bhfuil níos mó tionchair ag ceol damhsa ar cheol pop na laethanta seo.

Ní aontaím le seo, is maith an rud é go bhfuil a leithéid de na Black Eyed Peas, Lady Gaga, Rihanna, Katy Perry, Kelly Rowland agus Kesha ráthúil le pop-damhsa.

Níl mórán spéise agam i gceol pop ach tá sé deacair éalú uaidh go hiomlán nuair a bhíonn sé ar siúl ar an raidió in oifigí, busanna, tacsaithe, siopaí srl.

B'fhearr liom fhéin ceol damhsa ar nós na Chemical Brothers, Leftfield, Daft Punk srl ach is maith an rud é go bhfuil níos mó tóra ar phop-damhsa sna cairteanna toisc go bhfuil an seans ann go gcuirfidh sé deireadh le ré uafáis an R&B agus hip-hop.

Le 10 mbliana anuas bhí an lámh in uachtar ag R&B agus hip-hop sna cairteanna. Is maith liom roinnt ceol hip-hop, (féach thíos, ach seachain tú fhéin má chuireann droch-fhoclaí isteach ort) ach is truflais é 95% den hip-hop atá sna cairteanna.

Níor chuir mé aon amhrán R&B maith thíos toisc nach bhfuil a leithéid ann.













Ní hamháin go raibh ceol R&B agus hip-hop i réim le 10 mbliana anuas, bhí damhsa hip-hop freisin. Muna bhfuil sé feicthe agat riamh samhlaigh duine le 10 foiche faoina éadaí agus iarraidh fáil réidh leo.

Is rud aisteach é ceol pop agus níl a fhios agam cén fáth go bhfuil ceol damhsa ag fáil an lámh in uachtar ar R&B agus hip-hop, ach d'fhéadadh baint a bheith aige le cúrsaí geilleagrach.

Tá cúrsaí eacnamaíochta go dona i láthair na huaire, tá daoine in ísle brí agus tá siad ag lorg rud éigin chun a gcroíthe a thógáil. An fhadhb le R&B agus hip-hop ná nach bhfuil mórán craice ag baint leo. Tá formhór na n-amhrán hip-hop, ach go háirithe, feargach, sotalach agus féin-mholtach, agus níl aon spraoi ag baint leo.

'People must be amused' a dúirt fear an ciorcais i Hard Times, ach tá i bhfad níos mó craice a baint le ceol damhsa ná R&B agus hip-hop.

An chéad uair eile atá tú i gclub oíche déan comparáid idir líon na ndaoine a bhíonn ag damhsa go hamhráin R&B/hip-hop agus an méid a bhíonn ag damhsa go hamhráin ar nós an ceann thíos agus feicfidh tú céard atá i gceist agam.

No comments:

Post a Comment