Wednesday 5 November 2008

An vótálfadh muidne ar son Taoiseach Afracach-Éireannach?


Tá ardmholadh tuilte ag muintir Mheiriceá anois go bhfuil Uachtarán Afracach-Méiriceánach tofa acu. Ceist atá agam ná an vótáladh muidne ar son Taoiseach Afracach-Éireannach*, ie, duine Éireannach le sinsir ón Afraic?
Dá n-aontóinn le polasaithe an duine agus páirtí s'acu tá's agam go gcaitheann vóta ar a son nó ar a shon, gan amhras ar bith.
Ní fheicimse fáth nach vótálfainn mar sin agus is amhlaidh a bheadh sé le ceannaire baineann nó ceannaire ó aon chúlra eile.

Sílim gurb é an t-aon leithscéal a bheadh ag daoine ciníochacha le cur in éadan duine Éireannach ó chúlra Afracach ná sa go cás go bhfuair tuistí s'acu tearmann anseo go bréagach, bheidís ag cur an milleán ar an bpáiste i leith peacaí na sinsear.

(*Níl an gineadach ar 'Taoiseach Afracach-Éireannach' ar eolas agam, 'ar son Taoisigh Afracaigh-Éireannaigh'?)

No comments:

Post a Comment